Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Neamhniú

Foirmeacha cúirte ábhartha 

Céard is neamhniú ann?

Is dearbhú dlíthiúil ag an gcúirt neamhniú pósta (neamhniú sibhialta nó cur ar neamhní sibhialta) ina luaitear cé go raibh searmanas pósta ag beirt daoine, níorbh ann dá bpósadh riamh i ndáiríre de réir an dlí agus an Stáit. Is ann do dhá shaghas póstaí ar féidir iad a chur ar neamhní nó a chealú – póstaí neamhnitheacha agus póstaí in-neamhnithe. Meastar nár thit pósadh neamhitheach amach in aon chor. Meastar gur pósadh bailí pósadh in-neamhnithe go dtí go ndéantar foraithne um chur ar neamhní.

Ní hionann cur ar neamhní sibhialta agus colscaradh. Dearbhú dlíthiúil atá i gcolscaradh a chuireann deireadh le pósadh agus is dearbhú dlíthiúil atá i gcur ar neamhní sibhialta (neamhniú) a luann nárbh ann don phósadh riamh. Má chuirtear pósadh ar neamhní, ciallaíonn sé freisin go gcailleann an bheirt daoine aon chearta ar bhain siad leas astu fad a bhí siad ina ndaoine pósta.

Is tábhachtach a bheith san airdeall ar an difríocht idir cur ar neamhní séipéil agus cur ar neamhní sibhialta. Ní aithníonn an dlí cur ar neamhní séipéil agus níl aon tionchar dlíthiúil aige dá bharr sin. Ní chiallaíonn sé gur féidir leat athphósadh – cé go bhféadfadh sé ciallú gur féidir leat athphósadh de réir an tséipéil.

Féadfaidh an chúirt neamhniú a cheadú sna cásanna a leanas, mar shampla:

  • Ní raibh an lánúin in ann iad féin a phósadh (is é sin, bhí duine amháin díobh pósta cheana féin nó bhí duine amháin faoi ocht mbliana déag d’aois agus nach raibh cead cúirte aige/aici)
  • Níor chomhlíon an lánúin ceanglais áirithe fhoirmiúla lena mbaineann an searmanas (is é sin, gur theip orthu fógra leordhóthanach a thabhairt don Chláraitheoir Póstaí)
  • Níor thug páirtí amháin toiliú iomlán, saor in aisce agus feasach don phósadh
  • Níl sé ar chumas duine de na páirtithe tabhairt faoin ngníomh iomlán gnéasach leis an bpáirtí eile
  • Ní féidir gnáthchaidreamh a chruthú agus a choimeád (is é sin, d’fhéadfadh páirtí amháin bheith thíos le galar síciatrach nó le neamhord pearsantachta, nach bhfuil an duine eile feasach air ag tráth an phósta).

 

Is dearbhú dlíthiúil neamhniú páirtnéireachta sibhialta a dhéanann cúirt ina luaitear cé go raibh searmanas páirtnéireachta sibhialta ag beirt daoine, is neamhnitheach agus neamhbhailí dá bpáirtnéireacht shibhialta, agus nach ann d’aon pháirtnéireacht shibhialta.  I neamhniú páirtnéireachtaí sibhialta, ní ann ach páirtnéireachtaí neamhbhailí sibhialta.

Ní hionann neamhniú (nó cur ar neamhní) páirtnéireachta sibhialta agus scaoileadh. Is dearbhú atá i gceist le scaoileadh a chuireann deireadh le páirtnéireacht bhailí shibhialta.

Féadfaidh an chúirt neamhniú páirtnéireachta sibhialta a cheadú sna cásanna a leanas, mar shampla:

  • Ní raibh an lánúin in ann bheith mar pháirtnéir sibhialta dá chéile (is é sin, bhí duine de na páirtithe nó an bheirt pháirtithe pósta cheana féin nó cláraithe cheana féin i gcaidreamh le duine eile ag a raibh an ceart bheith aitheanta mar pháirtnéireacht shibhialta sa Stát, nó bhí duine amháin faoi ocht mbliana déag d’aois)
  • Níor chomhlíon an lánúin na gnásanna lenar bhain páirtnéireacht shibhialta a chlárú (is é sin, gur theip orthu fógra leordhóthanach a thabhairt don Chláraitheoir Póstaí)
  • Níor thug páirtí amháin toiliú iomlán, saor in aisce agus feasach don pháirtnéireacht shibhialta
  • Ní raibh na páirtithe den ghnéas céanna.  

Seo a leanas roinnt tionchair dhlíthiúla a bhíonn ag pósadh nó páirtnéireacht shibhialta a chur ar neamhní go sibhialta:

  • Is faoin lánúin atá sé chun pósadh go dlíthiúil nó chun páirtnéireacht shibhialta a chlárú
  • Ní féidir le ceachtar duine cothabháil a éileamh ón duine eile, cé gur féidir tacaíocht linbh a éileamh go fóill
  • Ní féidir le ceachtar duine éileamh a dhéanamh i leith réadmhaoin an duine eile Ar an ábhar sin, má bhí páirtnéir amháin mar úinéir dlíthiúil an tí, féadfaidh sé no sí é a dhíol nó a léasú gan toiliú an duine eile a fháil
  • Ní dhéanann neamhniú difear do chearta na leanaí cleithiúnaigh agus ní dhéanann sé difear do chearta comharbais na leanaí i dtaca le heastát a dtuismitheoirí marbha/a dtuismitheora mhairbh
  • Mar gheall nárbh ann riamh don phósadh/pháirtnéireacht shibhialta a cuireadh ar neamhní, ní ann d’aon chearta comharbais do cheachtar duine de na hiarpháirtnéir nuair a fhaigheann an duine eile bás.

 

Iarratas a dhéanamh chun pósadh/páirtnéireacht shibhialta a chur ar neamhní

Féadtar iarratais a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda nó leis an Ard-Chúirt. Is casta don dlí maidir le neamhniú. D’fhéadfadh go mbeadh gá le comhairle dlí a fháil lena dheimhniú arb ann do na cúinsí le haghaidh neamhniú.

Foirmeacha cúirte

I.R. Uimh. 510 de 2001, Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001

  • Foirm 2N: Bille sibhialta um an dlí teaghlaigh (neamhniú pósta)
  • Foirm 2S: Bille sibhialta páirtnéireachta sibhialta (neamhniú páirtnéireachta sibhialta)

I.R. Uimh. 358 de 2008, Rialacha na Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh),2008:

  • Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht gluaiseachta cáis
  • Foirm 37N: Ceistneoir um ghluaiseacht cháis

 

Reachtaíocht ábhartha

  • Acht na Póstaí, 1972
  • An tAcht Dlí Teaghlaigh 1995
  • An tAcht Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996
  • Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Ceart agus Oibleagáidí ar Leith do Chomchónaitheoirí, 2010

Rialacha cúirte

  • I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001 - Ordú 59
  • I.R. Uimh. 312 de 2007: Rialacha na Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007
  • I.R. Uimh. 358 de 2008: Rialacha na Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis inImeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008
  • I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna