Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais

Ailtireacht agus Oidhreacht

Teach Cúirte Chathair na Gaillimhe

Nasc ghaolmhara
Oifig Cúirte na Gaillimhe

"This fine building which is superior to most provincial seat of justice in Ireland, stands at Newtown-Smith, on the site of the ancient and venerable abbey of the Franciscans, which by charter of Charles II is to be and remain part of the county of Galway for ever". It was commenced in 1812, and on 1st April, 1815, was opened for the reception of the then going judges of assize, justices Fletcher and Osborne, who pronounced a handsome and well-merited eulogium on the gentlemen of the county, for so unequivocal and splendid a testimonial of their high respect for the laws, and of their anxiety for the due and orderly administration of public justice. Besides two spacious and well-appointed courts for transacting the civil and criminal business, with grand and petty-jury rooms adjoining, there are several commodious offices and apartments for the high-sheriff, treasurer, clerk of the case and other law officers. The splendid and accurate map and survey of the county, together with the several baronial maps made by order of the grand jury, are preserved here. The lofty portico, entrance, and extensive hall of this fine structure, will immediately attract attention. It is altogether an edifice highly creditable to the county, and considerably ornamental to the town."

Seo mar a rinne Hardiman cur síos ar theach cúirte an chontae in 1820. Tógadh é i ndiaidh don teach cúirte a bhí ann roimhe a bheith dóite go talamh. Bhí sé seo lonnaithe san Tholsel i Sráid na Siopaí, agus ba ann a bhí an príosún áitiúil freisin. Nuair a bhí an príosún ró-bheag, tógadh ceann nua in aice lár an bhaile ag an bPríomhgharda.

Bhí teach cúirte an bhaile san áit a bhfuil halla an bhaile anois. Bhí na cúirteanna gnóthach faoi dhlí Shasana - in 1830 bhí 200 coir ann a raibh cur chun báis mar phionós orthu. Ba mhinic go raibh giúiréithe trócaireach, mar gheall ar dhéine an dlí. Bhí a fhios acu cén pionós a bhí ann i gcomhair breithiúnas ciontach, agus amanna (i gcoinne na fianaise go léir) chinn siad nach raibh na príosúnaigh ciontach. Bhí an Breitheamh Fletcher i gceannas ar chás ina raibh beirt foghlaí bóthair á dtriail, agus bhí iontas ar gach duine nuair a fuarthas neamhchiontach iad. Mar sin dúirt sé leis an séiléir go dtabharfadh sé suaimhneas intinne dóibh dá bhféadfaí iad a choinneáil go dtí a 7 i.n., mar go raibh air taisteal go cúirt seisiúin na hInse agus gur mhaith leis a bheith timpeall 2 uair an chloig chun cinn ar na foghlaí bóthair. Ba é an meán-dhaonra a bhí ag an bpríosún, a tógadh in 1807 - 1810, ná 68. In Earrach 1847 bhí 650 duine ann.

An Luan, 29 Meitheamh, 1818, leagadh an chéad chloch den droichead nua (Droichead an Bhradáin) ag dul ó theach cúirte an chontae go dtí an príosún, agus cuireadh an obair i gcrích i nDeireadh Fómhair 1919. Bhí príosún an bhaile trí stór ar airde. Bhí an coimeádaí agus a chlann san íoslach, bhí seomraí do fhéichiúnaithe i dtosach an fhoirgnimh, agus bhí cillíní i gcomhair braighdeanas aonair do 'fheileoin do-smachtaithe' ar an tríú urlár.