Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais

Ailtireacht agus Oidhreacht

Teach Cúirte Cheatharlaigh

Naisc ghaolmhara
Oifig Cúirte Cheatharlach

Eolas stairiúil agus ailtireachta

Tháinig an t-ailtire a dhear teach cúirte Cheatharlaigh - William Vitruvius Morrison - ó líne a raibh an-bhuanna ailtireachta acu, mar ba mhac é leis an Tiarna Richard Morrison a rinne ridire de mar gheall ar a mhórghníomhartha ailtireachta agus a bhí ar an ailtire ba mhó tionchair sa tréimhse sin. Bhí an Tiarna Richard tar éis staidéar a dhéanamh faoi James Gandon féin, agus fuair sé féin agus ailtire eile, Johnston, an cleachtas nuair a bhásaigh Gandon. Lean William lorg a athar, agus bhain sé amach a rabhthas ag súil leis. Bhí sé ina pháiste éachtach mar tá cur síos ann ar an uair a cuireadh ceist ar a athair clúdach feiliúnach a chur ar fáil i mBaile Uí Thaidhg, Co. Chiarraí de mhaintlín faiseanta, ionas go bhféadfadh a úinéirí "caisleán" a ghlaoch air - is é William Vitruvius, nach raibh ach cúig bliana déag d'aois ag an am a sholáthar an dearadh. Deirtear go raibh sé b'fhéidir ní b'fhearr ná a athair agus ar chuid dá chuid oibre bhí an teach cúirte clasaiceach i dTrá Lí. Bhí fadhbanna ag William lena shláinte le linn a shaol ar fad, áfach, agus ar an drochuair, bhásaigh sé roimh a athair ag aois a 44 in 1838.

Tá ailtireacht flúirseach, maorga seachtrach ar theach cúirte Cheatharlaigh nach raibh ar thithe cúirte a tógadh níos déanaí mar gheall, den chuid is mó, ar an gcostas ard a bhain le dearaí raidhseacha mar é. Tá sé tógtha as eibhear eisléire agus léiríonn an aghaidh tosaigh stíl ailtireachta athbheochan na Gréige de chuid Morrison - le bloc lárnach starrach a bhfuil póirséaid timpeall air le 8 gcolún Iónach de stíl Ilyssus os cionn staighre mór.

Taobh istigh, níl mórán cosúlachta idir dearadh Morrison agus stíl a athar - ná le haon chuid de thraidisiún Gandon. Bheadh Gandon agus a lucht leanta tar éis tosú amach le halla a mbeadh na cúirteanna ag oscailt amach as (is é an sampla is fearr de seo ná na Ceithre Chúirt) ach thosaigh Morrison ón taobh amuigh agus d'oibrigh sé a bhealach isteach. Chuir sé dhá sheomra cúirte i gcruth D ann ar chlé agus ar dheis, agus in éineacht leis an mbloc dronuilleogach oifigí ag an gcúl, déanann siad cruth mór millteach de chros.

Is sampla d'ardéirim Morrison é an soilsiú i dTeach Cúirte Cheatharlaigh agus é ag dearadh bealach chun dóthain soilsiú a chur ar fáil don fhoirgneamh go nádúrtha, os rud é nach raibh solas leictreach ar fáil ag an am. Tá solas tugtha don bhloc cúil oifigí le fuinneoga cháisminte gloinithe traidisiúnta, iad leathan, ard, dronuilleogach. Tá fuinneoga cosúla ar gach éadan den struchtúr lárnach atá ar chruth polagáin. Léirítear ardéirim Morrison go háirithe i lár an fhoirgnimh áit a bhfuil cearnóg istigh sa chroílár a fheidhmíonn go príomha mar thobar solais, os rud é gurb iad na príomhfhoinsí solais atá ag an dá sheomra cúirte ná lunettes móra millteacha lena n-aghaidh istigh. Tá an rannóg lárnach seo go léir soilsithe go hiontach ag roinnt spéirléasacha leagtha go siméadrach.

Is breá le muintir Cheatharlaigh an traidisiún go raibh an teach cúirte beartaithe do Chorcaigh ach gur meascadh suas na pleananna agus go bhfuair Ceatharlach an chuid is fearr den scéal. Chosain an foirgneamh £30,000 le tógáil, agus b'shin suim ollmhór airgid i dtús na 19ú haoise ach ní cúis iontais ar bith é sin nuair a bhreathnaítear ar áilleacht an dearaidh agus na gnéithe flúirseacha atá ann.

Tá an chanóin atá seasta ag barr chéimeanna na cúirte ceangailte go dlúth leis an bhfoirgneamh in intinn mhuintir Cheatharlaigh. Is gunna Rúiseach atá sa chanóin, agus gabhadh í le linn an chogaidh Criméaigh os cionn 100 bliain ó shin. Bronnadh ar an mbaile é tar éis uiríll ó Choimisinéirí Bhaile Cheatharlaigh do Aire Cogaidh na Breataine ag an am, an Ró-Onórach an Tiarna Panmur e, agus déanann sé comóradh ar na hoifigigh agus na fir Éireannacha go léir a maraíodh sachoimhlint.

Tá miontuairiscí ann de phlé a rinne Coimisinéirí Bhaile Cheatharlaigh ar an tionscadal agus bhí tuairiscí san 'Morning Post' de na hidirbheartaíochtaí a bhí ag dul ar aghaidh leis an Oifig Cogaidh i rith 1858 agus d'aontaigh siad gunna a chur ar fáil ach dúirt siad nach raibh ar a gcumas carráiste a fháil agus mhol siad go lorgófaí malairt feiliúnach. Is dócha gur glacadh leis sin agus ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna insealbhaíodh an chanóin, a bhí díchumasaithe anois, san áit ina bhfuil sé fós ina sheasamh sa lá atá inniu ann agus níor úsáideadh é chun aon urchar a chaitheamh riamh ó shin.

Athchóiriú

Faoi na 1990aidí, bhí Teach Cúirte Cheatharlaigh imithe in aois agus bhí sé soiléir go mbeadh mórobair athchóirithe ag teastáil chun an fhoirgneamh breá seo a chur ar ais mar a bhí. Léirigh scrúdú ar an bhfoirgneamh go raibh roinnt mórfhadhbanna tógála, lena n-áirítear lobhadh críon san adhmad urláir agus díon chomh maith le braon aníos agus taislobhadh agus míol críon mar thoradh air. Rinneadh suirbhéireacht cúramach agus anailís stairiúil mar chuid de staidéar caomhnaithe roimh a tosaíodh á dhearadh. Bhí measúnú ar na spásanna ailtireachta a bhí ann agus ar na gnéithe taobh istigh den fhoirgneamh ag féachaint chun iad a chaomhnú mar chuid de seo. Réitíodh an plean oibre don fhoirgneamh de réir threoirlínte caomhnaithe agus i gcomhairle leis an gComhairle Oidhreachta.

Ba é an dúshlán a bhí ag an tionscadal ná an méid ab fhéidir de bhunchreatlach an fhoirgnimh a chaomhnú agus na deisiúcháin agus feabhsúcháin a theastaigh a dhéanamh ag an am chéanna. Ceapadh go raibh scileanna tógála traidisiúnta riachtanach i gcomhair an tionscadail agus ina measc seo bhí speisialtóirí siúinéara, saoir cloiche, agus plástrálaithe a bhí freagrach as ath-rindreáil cúl tí i rindreáil aol-ghaineamh. Tá céim eile den obair nár tugadh faoi fós, is é sin athchóiriú na ráillí iarainn breátha atá timpeall ar an suíomh, chomh maith le hath-thírdhreachtú na dtailte agus áiseanna breise páirceála a chur ar fáil. Tá na ráillí seasta ar bhonn aolchloiche agus tá macasamhail den sean-tua Rómhánach, an 'fasces', siombail Rómhánach de Cheartas, ar a bharr.

Tá na hoibreacha atá curtha i gcrích tar éis áiseanna cúirte atá feabhsaithe go mór a chur ar fáil i gCeatharlach agus tá an foirgneamh suntasach stairiúil seo athchóirithe ag an am céanna.

D'oscail an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an tUasal John O'Donoghue, T.D. teach cúirte athchóirithe Cheatharlaigh Déardaoin an 21 Márta 2002.