Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Saincheisteanna pas

Foirmeacha cúirte ábhartha 

Toiliú tuismitheora le haghaidh iarratas ar phas

Ní mór don bheirt tuismitheoirí nó chaomhnóirí iarratas ar phas le haghaidh linbh a shíniú

Sa chás nach bhfuil tuismitheoirí pósta, teastaíonn toiliú an athar más comhchaomhnóir an linbh é.

Céard a tharlaíonn mura síneoidh duine den bheirt tuismitheoirí nó chaomhnóirí an t-iarratas ar phas?

Sa chás go ndiúltaíonn duine den bheirt tuismitheoirí nó chaomhnóirí an fhoirm iarratais a shíniú, féadfaidh an tuismitheoir/caomhnóir eile iarratas a dhéanamh ar an gcúirt le haghaidh ordú a ligeann thar ceal an dara síniú.

Céard a tharlaíonn murar féidir teacht ar dhuine den bheirt tuismitheoirí nó chaomhnóirí chun an t-iarratas ar phas a shíniú?

Sa chás nach féidir teacht ar dhuine den bheirt tuismitheoirí nó chaomhnóirí chun an fhoirm iarratais a shíniú, féadfaidh an tuismitheoir/caomhnóir eile iarratas a dhéanamh ar an gcúirt le haghaidh ordú a ligeann thar ceal an dara síniú.

Conas iarratas a dhéanamh

Déantar formhór na n-iarratas chun síniú a ligean thar ceal leis an gCúirt Dúiche. Beidh ort dul i dteagmháil le hoifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú féin nó an tuismitheoir nó an caomhnóir eile nó an leanbh. Beidh ort na foirmeacha ábhartha cúirte a chomhlánú in oifig na cúirte. Sainaithneoidh foireann na cúirte na foirmeacha a theastaíonn uait d’fhonn d'iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo insint duit céard is gá duit scríobh iontu.

Nuair an bhíonn an fhoirm riachtanach/na foirmeacha riachtanacha comhlánaithe agat, ní mór go ndéanfar d'iarratas a liostáil os comhair na cúirte. Ina theannta sin, ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh.

Foirmeacha cúirte


An Chúirt Dúiche:
I.R. Uimh. 125 de 1999: Rialacha na Cúirte Dúiche (Coimeád agus caomhnóireacht naíon),1999

  • Foirm 58.17: Fógra iarratais le haghaidh treoracha ón gcúirt- alt 11(1) agus 11(4)

 

Reachtaíocht ábhartha

  • Airteagal 42 Bunreacht na hÉireann
  • An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964

 

Rialacha cúirte


I.R. Uimh. 93 de 1997: Rialacha na Cúirte Dúiche, 1997