Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais

Ailtireacht agus Oidhreacht

Teach Cúirte Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann

Naisc ghaolmhara
Oifig Cúirte Chluain Meala

Eolas stairiúil agus ailtireachta

Ba é an Tiarna Richard Morrison, ball de chlann aitheanta ailtirí, a dhear teach cúirte Chluain Meala, a tógadh i ndeireadh na 1790aidí. D'oibrigh sé in éineacht lena mhac William chun go leor tithe tuaithe agus foirgneamh poiblí a dhearadh, Teach Gléibe Fhiodh Ard agus Caisleán Bhaile Mhic Andáin ina measc. Dúirt David Beaufort, a bhí ag taisteal tríd an gceantar in 1806, go raibh teach cúirte Chluain Meala "ar cheann de na cinn is áisiúla agus is áille dá mhéid agus dá chineál". Tá sé suite ar chúinne Shráid Nelson- Sráid Wellington, agus bhí sé ar dtús ar fhorimeall an bhaile. Tá dul chun cinn agus leathnú an bhaile tar éis é sin go léir a athrú anois. Tá an foirgneamh i lár na gníomhaíochta anois agus é ar cheann de chríochchomharthaí suntasach an bhaile. Tá go leor breithiúnais tábhachtacha tugtha taobh istigh den teach cúirte seo, ach is é an cás a sheasann amach ná triail an chúigir ab aitheanta de Ghluaiseacht Éire Óg (1847/48). Cuireadh Thomas Francis Meagher agus William Smith O'Brien ar triail agus díbríodh as an tír iad tar éis Éirí Amach 1848.

Is dócha gurb é teach cúirte Chluain Meala an chéad mórfhoirgneamh iomlán a rinne Richard Morrison agus bhí tionchar láidir ag obair James Gandon air (bhí Teach an Chustaim Gandon tógtha faoin am sin agus bhí na Ceithre Chúirt á dtógáil ag an am). Tá go leor cosúlachtaí idir plean an tí cúirte agus teach cúirte Phort Láirge a dhear Gandon, agus ag an am céanna tá go leor gnéithe ann a bhaineann go dlúth le hailtireacht Morrison, ceann de na cinn is suntasaí ná an staighre/halla barrshoilsithe atá ceangailte leis an bpríomh halla isteach trí dhorchla. Tá an dearadh spéisiúil sa méid is go bhfuil an-chosúlacht idir é agus píosa láir sheachtrach de Theach Laighin Cassel - Dáil Éireann mar atá anois.

Is teach cúirte scoite dhá stór le cúig bhá, agus trí bhá lárnach ag seasamh amach uaidh atá comhdhéanta as póirséaid ghaineamhchloiche nasctha teitri-stíl Íonach le peidiméid os cionn stuara maolaithe ar an mbunurlár atá ann. Tá díon slinne gabhail éadain ag an bhfoirgneamh, atá go hard os cionn na sráide tánaistí seo, le codanna crochta dúbailte, fuinneoga saise adhmaid ceannchearnacha, agus maisiúcháin gaineamhchloiche. Tá sé suite ar chúl ráillí d'iarann teilgthe ar bhalla plionta eisléireachta aolchloiche, le dhá gheata dúbailte agus piléir aolchloiche. Tá marc airde ar choirnéal thiar-theas an phlionta. Rinneadh athfhorbairt shuntasach ar an bhfoirgneamh agus cuireadh síneadh leis amach óna chúl agus líonadh isteach cillíní an íoslaigh, c. 1994-7.

Ar an taobh istigh tá bealach isteach le boghta bléineach, halla le cuasáin agus cuasa le háirse, dorchla le barrshoilsiú ciorclacha, dhá staighre éilipseacha, seomra cúirte dúiche d'airde dúbailte le gailearaithe agus an bunphainéalú le cuas a bhfuil colúin timpeall air agus síleáil cuasach, seomra cúirte cuarda cuasach d'airde dúbailte le gailearaithe agus painéalú, nach bhfuil ann ó thús agus halla staighre le barrshoilsiú ag an gcúl.

Téann an halla isteach thar beagnach leithead iomlán an fhoirgnimh agus osclaíonn na seomraí cúirte isteach ón halla isteach agus tá siad scartha óna chéile ag dorchla spásúil. Is seomraí dhá stór le síleálacha doimhne cuasaithe a bhfuil fuinneoga arda barrbhalla iontu iad na seomraí cúirte. Tá an dá sheomra cúirte athraithe go leor thar na blianta, rinneadh athmhúnlú fairsing ar an gcúirt chuarda i ndeireadh an naoú aois déag agus is ón tréimhse sin a thagann leagan amach na gailearaithe agus na suíocháin. Tá goleor de bhunghailearaithe na cúirte dúiche fós ann cé go bhfuil siad athraithe beagáinín agus tá gailearaí poiblí curtha leis.

Tá bun-ríchathaoir an bh reithimh le colúin Chorantacha timpeall ar an gcuas i gcomhair suíochán an bhreithimh fós ann.Ón halla isteach tá staighrí ag dul ar chlé agus ar dheis go dtí an "bálseomra" fairsing agus seomraí taoibh. Ar an gcéad urlár tá dorchla le dhá spás ciorclach le hurláir glónraithe, iar-bhálseomra le tinteán aolchloiche, agus iar-sheomra ardghiúiré le maisiú cuasach ilchasta. Tá oifig an tsirriam ar an gcéad urlár ag an gcúl, agus is seomra breá spásúil atá ann le síleáil chuasach agus fríos leantach, le cláirseacha le coróin orthu, leoin agus aonbheannaigh. Is gné neamhghnách den teach cúirte é an dorchla céad urláir a cheanglaíonn an "bálseomra" le seomra an tsirriam. Is píosa é seo a cuireadh isteach os cionn dorchla an chéad urláir, ba spás urlár amháin a bhí anseo ar dtús, agus a scaoil solas isteach chuig fuinneoga barrbhalla na seomraí cúirte.

Oibreacha athchóirithe

Mar gheall ar an meath ar bhail an tí cúirte agus mar gheall ar an tábhacht stairiúil agus ailtireachta a bhaineann leis, rinne Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas cinneadh sna 1980aidí gur chóir móroibreacha athchóirithe a chur i gcrích. Bhain na hoibreacha den chuid is mó le caomhnú agus athchóiriú an taobh amuigh den fhoirgneamh agus feabhsúcháin inmheánacha ar na seomraí cúirte, cóiríocht foirne agus áiseanna coimhdeacha.

Beidh trí sheomra cúirte sa bhfoirgneamh athchóirithe agus beidh foráil ann i gcomhair suíonna cúirte teaghlaigh agus ard-chúirte, chomh maith leis an gcúirt chuarda agus an chúirt dúiche. Tá áiseanna feabhsaithe curtha ar fáil do bhreithiúna agus d' fhoireann na cúirte agus baill den ghairm dlí. Tá spás curtha ar fáil i gcomhair seomraí agallaimh agus riachtanais eile a bhaineann leis na cúirteanna. Thug an foireann deartha, an príomhchonraitheoir agus gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal an-aird ar na mionshonraithe ar fad a bhain leis an bhfoirgneamh le haird ar leith á cur ar chaomhnú a charachtar, agus ag an am céanna é a chur in oiriúint do riachtanais chóras cúirte nua-aimseartha.