Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Dlí comhoibríoch

Céard is dlí comhoibríoch ann?

Is bealach malartach é dlí comhoibríoch chun saincheisteanna dlí teaghlaigh a réiteach, lena n-áirítear idirscaradh agus colscaradh. Spreagann sé daoine chun iarracht a dhéanamh a ndeacrachtaí a réiteach ar bhealach neamhachrannach, le cabhair ó dhlíodóirí comhoibríocha, agus chun úsáid na cúirte a sheachaint.

Trí chruinnithe duine ar dhuine, déanann na páirtithe saincheisteanna ar nós coimeádta agus rochtana ar leanaí agus ar chearta cothabhála agus réadmhaoine a phlé agus a réiteach. Braitheann an próiseas ar nochtadh iomlán agus ionraic shócmhainní an dá pháirtí a dhéanamh ionas gur féidir le hidirbheartaíochtaí bheith oscailte agus ionraic.

Má éiríonn leis an bpróiseas, bíonn comhaontú ag na páirtithe as a mbíonn siad beirt freagrach. Féadfar an comhaontú a dhréachtú ina ghníomhas idirscartha nó é a úsáid mar bhonn le haghaidh foraithne colscartha.

Má chliseann ar an bpróiseas, is éard a tharlaíonn go bunúsach ná go n-imíonn na dlíodóirí agus ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do cheachtar páirtí i gcúirt. Má leanann an tsaincheist ar aghaidh chuig an gcúirt, ní mór do na páirtithe dlíodóirí nua a ordú.

Féadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil dlíodóir a chur ar fáil ar a bhfuil oiliúint sa dlí comhoibríoch dóibh siúd atá i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Tuilleadh faisnéise

Cuireann Cumann Gairmithe Comhoibríocha na hÉireann (‘Irish Assocation of Collaborative Professionals’) úsáid dlí comhoibríoch chun cinn. Tabhair cuairt ar www.acp.ie.