Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Comhaontú idirscartha

Faisnéis faoi chomhaontuithe idirscartha

Más féidir le lánúin phósta comhaontú a dhéanamh ar théarmaí faoina mbeidh cónaí orthu amach óna chéile, féadfaidh siad comhaontú idirscartha a iontráil. Is í an ghné is bunúsaí faoi chomhaontú idirscartha gur comhaontú atá ann. Ní mór don dá pháirtí toiliú a thabhairt do théarmaí an chomhaontaithe. Conradh atá ann atá ina cheanglas dlí ina leagtar amach cearta agus dualgais gach páirtí i leith an pháirtí eile. Baintear téarmaí an chomhaontaithe amach trí dhlí comhoibríoch, eadráin nó trí idirghabháil trí aturnaetha.

Is minic a thugtar ‘Gníomhas Idirscartha’ ar an gcomhaontú féin a dhréachtaíonn agus a shíníonn an dá pháirtí. Nuair a shínítear an comhaontú, féadtar riail chúirte a dhéanamh de trí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt. Cinntíonn seo gur féidir na téarmaí uile lenar comhaontaíodh i dtaca leis na leanaí a chur i bhfeidhm go dlíthiúil nuair a bhíonn siad faoi chuimsiú na reachtaíochta cuí.

Conas riail chúirte a dhéanamh de chomhaontú idirscartha

Ní mór duit iarratas a dhéanamh i bhfoirm fógra tairisceana in oifig chuí na Cúirte Cuarda mar aon leis an gcomhaontú idirscartha agus dhá chóip de gach cáipéis a sholáthar.

Tabharfaidh an oifig dáta cúirte duit. Ní mór duit cóip den fhógra tairisceana a sholáthar don fhreagróir trí é a chur sa phost cláraithe nó trí leas a bhaint as seirbhís phearsanta. Ní mór duit mionnscríbhinn seirbhíse a chomhlánú agus í a mhionnú i láthair coimisinéir mionnaí. Ba cheart duit an mhionnscríbhinn a thabhairt chun na cúirte leat ar an lá.

Reachtaíocht ábhartha

An tAcht um Cothabháil Céilí agus Leanaí, 1976 alt 8