Faisnéis airgeadais
Ráitis airgeadais
Cuntas Bliantúil Leithghabhála
Foilsítear Cuntas Bliantúil Leithghabhála na Seirbhíse Cúirteanna ar shuíomh gréasáin Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
An tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe
Foilsítear an tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Cuntasóir na Seirbhíse Cúirteanna
» tuarascáil agus Ráitis Airgeadais Oifig Chuntasóir na gCúirteanna Cirt (Cistí Cúirte)
Bearta le haghaidh mórchaiteachas caipitiúil
Clár Spreagtha Bonneagair
Ar an 17 Iúil 2012, d'fhógair an tAire Um Chaiteachas Poiblí Clár Spreagtha Bonneagair intíre ar luach €2.25bn. Clár Spreagtha Bonneagair intíre. Mar chuid den chlár sin, tugadh faoi mhóroibreacha caipitiúla (luach caipitiúil €135m) ar sheacht suíomh réigiúnacha cúirte mar seo a leanas:
Athchóiriú & Méadú:
» Corcaigh (Sráid Anglesea)
» An Muileann gCearr
» Port Láirge
Tithe Cúirte Nua:
» Droichead Átha
» Leitir Ceanainn
» Luimneach
» Loch Garman
Tá na tionscadail sin á soláthar ag an nGníomhaireacht Airgeadais d'Fhórbairt Náisiúnta agus á gcur ar fáil ag Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí (PPP) .
Infheistíocht Chaipitil agus Infheistíocht Bhonneagair 2016-2021
Ar an 29 Meán Fómhair 2015 d'fhógair an rialtas creat infheistíochta caipitil 6 bliana lena n-áireofar ollionad nua cúirte a thógfar le sainchuspóir freastal ar leanaí agus ar an dlí teaghlaigh agus a chuirfear ar fáil trí PPP.
Íocaíochtaí nó orduithe ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí
» tuarascálacha ráithiúla ar chaiteachas níos mó ná €20,000
» Tuarascáil Ráithiúil ar Phrasíocaíocht
Luach Saothair do Chomhaltaí Boird na Seirbhíse Cúirteanna
Foilsítear an tsuim le haghaidh luach saothair do chomhaltaí neamhbhreithiúnacha Bhord na Seirbhíse Cúirteanna i dtuarascáil bhliantúil na Seirbhíse Cúirteanna.
Cistiú nó urraíocht do chomhlachtaí neamhphoiblí
Níl aon fhaisnéis ag an tSeirbhís Chúirteanna san am i láthair faoin gceannteideal seo.