Úsáid na naisc sa tábla gorm thuas chun teacht ar fhaisnéis ar na príomhthopaicí dlí teaghlaigh, lena n-áirítear an reachtaíocht ábhartha agus na foirmeacha cúirte is mó a úsáidtear.
Úsáid na naisc thíos chun teacht ar fhaisnéis a bhaineann le gach gné d’imeachtaí dlí teaghlaigh. Léigh an fhaisnéis seo ar dtús chun tuiscint níos fearr bheith ar an bhfaisnéis i míreanna eile.
Níl sé beartaithe go mbainfear úsáid as an ábhar atá sa mhír seo agus níor cheart úsáid a bhaint as mar chomhairle. Más mian leat comhairle a fháil ar shaincheist a dhéanann difear duit, ba cheart duit dul i dteagmháil le comhairleoir gairmiúil.
|
/F45462BA5188A59E80257CAD003ECC37/$FILE/movie-graphic.gif)
Scannáin le haghaidh tuismitheoirí idirscaradh agus a gcuid leanaí.
Tá Oifig an Ombudsman do leanaí agus tSeirbhís Chúirteanna tar éis dhá scannáin gearr a fhorbairt le haghaidh tuismitheoirí idirscaradh agus a gcuid leanaí maidir le gnéithe eochrach den imeachtaí dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche agus roghanna eile a d'fhéadfadh a bheith i gceist in ionad dul chun na cúirte - go háirithe, idirghabháil teaghlaigh.
|
|
|
Tugann 'Eolas na slí' eolas bunúsach faoi na Cúirteanna Dlí Teaghlaigh Dúiche agus ar idirghabháil teaghlaigh do thuismitheoirí. Freisin, cuireann sé comhairle agus seirbhísí tacaíochta a d'fhéadfadh cabhrú leo teacht ar chomhaontú maidir le saincheisteanna faisnéis thábhachtach a dhéanfaidh difear dóibh agus a gcuid leanaí tar éis idirscartha. D'fhéadfadh an scannán a bheith ina acmhainn úsáideach do lucht gairme comh mhaith, mar shampla, aturnaetha, idirghabhálaí teaghlaigh agus comhairleoirí atá ag obair le tuismitheoirí a bhfuil scartha.
|
|
|
Tugann ' Níl tú i d'aonair ' tabhairt isteach to daoine óga (idir 13 agus 15 bliana) do na Cúirteanna Dlí Teaghlaigh Dúiche agus idirghabháil teaghlaigh agus seibhísí tacaíochta do thuismitheoirí idirscaradh. Spreagann an scannán seo daoine óga chun labhairt mar gheall ar an gcaoi ina bhfuil siad ag mothú agus chun tacaíocht a fháil má theastaíonn sin uathu. Freisin, d'fhéadfadh sé cabhrú le tuismitheoirí a labhairt lena gcuid leanaí faoi na céimeanna a d'fhéadfadh siad a ghlacadh tar éis dóibh scaradh. Agus d'fhéadfadh sé a bheith ina acmhainn úsáideach do lucht gairme atá ag obair le daoine óga sna himthosca seo.
|
|
Cliceáil an nasc thíos le teacht ar liosta de shonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí agus eagraíochtaí i ndáil leis na saincheisteanna a ardaíodh sna scannáin seo.
You are not alone ¦ Finding your way; information on support services.doc
|
I measc na faisnéise breise faoi dhlí teaghlaigh atá ar an láithreán gréasáin seo tá:
Dialann Dlí: liostaí laethúla cúirte don Chúirt Uachtarach, don Ard-Chúirt agus don Chúirt Chuarda.
Rialachaí: cleachtadh agus nós imeachta na gcúirteanna agus na foirmeacha atá le húsáid in imeachtaí cúirte.
Breithiúnais: cinntí scríofa na cúirte.
Treoracha Cleachtais: faisnéis ar an gcleachtas agus ar an nós imeachta a chuireann le rialacha na cúirte.
Foilseacháin: bileoga, leabhráin, closfhoilseacháin – áirítear leis seo tuarascálacha ar éisteachtaí dlí teaghlaigh.