Na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn
Tá an tSeirbhís Chúirteanna freagrach as na cúirteanna a riar agus a bhainistiú in Éirínn.
Tá an tSeirbhís Chúirteanna freagrach as gach gné de ghníomhartha na cúirteanna, seachas feidhmeanna breithiúnacha.
Is iad príomhfheidhmeanna na Seirbhíse Cúirteanna ná na cúirteanna a bhainistiú, eolas ar chóras na gcúirteanna in Éirínn a chur ar fáil don phobal, agus foirgnimh chúirte agus áiseanna a chur ar fáil d'úsáideoirí na gcúirteanna.
Eolas maidir le dlínse gach cineál cúirte
» an Chúirt Uachtarach
» an Chúirt Achomhairc
» an Ard-Chúirt
» an Chúirt Chuarda
» an Chúirt Dúiche
Rochtain ar sheirbhísí atá á gcur ar fáil
Tá seirbhísí á gcur ar fáil ag an tSeirbhís Chúirteanna go díreach don phobal trínár gcuid oifigí cúirte ar fud na tíre.
Tá eolas iomlán ar ghnó agus ar chuid feidhmeanna gach oifig chúirte ar fáil sa mhír Oifigí & Léarscáileanna
Costas na seirbhísí atá á gcúr ar fáil
Táillí Cúirte
» Liostaí de na táillí atá iníoctha i leith idirbhearta cúirte
» Iarratais le haghaidh aisíocaíocht ar táillí cúirte
Seirbhísí atá á gcur ar fáil don phobal ag na hOifigí Riaracháin & Tacaíochta
» Gearáin ó chustaiméirí
» Oifig Eolais
» Acht na bhFíneálacha (Íocaíocht agus Aisghabháil) 2014
» Caidreamh leis na Meáin
» Maoin de chuid na Seirbhíse Cúirteanna a úsáid chun críocha neamhchúirte
Athbhreithniú nó achomharc ar ghearáin ó chustaiméirí
Tá an tSeirbhís Chúirteanna faoi réir athbhreithniú ag Oifig an Ombudsman maidir le feidhmeanna riaracháin a chur i bhfeidhm.
Tionscadail taighde ar tugadh fúthu maidir le feidhmeanna nó seirbhísí
Níor tugadh faoi aon tionscadal taighde.