Coimeád
Foirmeacha cúirte ábhartha
Céard is coimeád ann?
Is éard atá i gceist le coimeád an ceart atá ag tuismitheoir cúram agus rialú fisiciúil a fheidhmiú i leith thabhairt aníos a linbh ar bhonn laethúil. Comhchaomhnóirí linbh iad tuismitheoirí pósta linbh go huathoibríoch.
Céard a tharlaíonn nuair a scarann tuismitheoirí pósta?
Nuair a bhíonn tuismitheoir pósta tar éis scaradh óna chéile nó colscaradh a fháil, féadfaidh siad a chinneadh eatarthu féin ar shocruithe coimeádta le haghaidh a leanaí. Murar féidir leo comhaontú a bhaint amach, féadfaidh siad iarracht a dhéanamh socrú a dhéanamh trí eadráin, ach má theipeann air sin, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun cinneadh deiridh a dhéanamh.
Céard a tharlaíonn nuair nach bhfuil na tuismitheoirí pósta?
Nuair a bheirtear ar leanaí lasmuigh den phósadh, bíonn ceart uathoibríoch ag an máthair i leith coimeádta. Féadfaidh an t-athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun coimeád a fháil ceal comhaontaithe. Ní gá d’athair cearta caomhnóireachta a bheith aige sula gcuireann sé isteach ar choimeád.
Mura mian leis an máthair neamhphósta coimeád an linbh bheith aici agus má bheartaíonn sí an leanbh a chur lena (h)uchtú nó má tá an leanbh curtha lena (h)uchtú aici cheana féin, féadfaidh an t-athair neamhphósta iarratas a dhéanamh go fóill ar choimeád an linbh.
An féidir le daoine eile iarratas a dhéanamh ar choimeád?
Is féidir. Sa chás nach bhfuil an leanbh i gcoimeád ceachtar tuismitheora, féadfaidh na seantuismitheoirí nó Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarratas a dhéanamh ar choimeád tar éis iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht. Féadfaidh duine ata caomhnóir é/í agus nach bhfuil coimeád aige/aici (bíodh comhchoimeád nó eile i gceist) nó duine ónar glacadh coimeád an linbh, iarratas a dhéanamh ar ordú coimeádta faoi alt 11 den Acht um Choimeád Naíon, 1964 (arna leasú).
Conas iarratas a dhéanamh ar choimeád
Déantar an chuid is mó de na hiarratais ar choimeád sa Chúirt Dúiche. Féadfaidh tú aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó féadfaidh tú an t-iarratas a dhéanamh tú féin. D’fhéadfá bheith i dteideal cúnamh dlí a fháil.
Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort teagmháil a dhéanamh le hoifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú nó an freagróir. Ní mór duit na foirmeacha ábhartha cúirte a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh chuig oifig na cúirte. Sainaithneoidh foireann na cúirte na foirmeacha a theastaíonn uait chun d’iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo insint duit céard is gá duit a lua ar na foirmeacha.
Ní mór fógra faoin iarratas a thabhairt don fhreagróir ar a laghad ceithre lá dhéag, nó, i gcás imeachtaí cúirte a dheimhnítear amhail bheith práinneach, ar a laghad dhá lá, roimh dháta éisteachta na cúirte. I ndiaidh an fógra a sheirbheáil, is gá an fógra, mar aon le dearbhú reachtúil ina ndeimhnítear an tseirbheáil, a thabhairt do chléireach na Cúirte Dúiche ar a laghad dhá lá roimh dháta éisteachta na cúirte. Ina theannta sin, ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh.
Sá chás go ndéanann an Chúirt Dúiche ordú faoin Acht, tabharfaidh, nó seolfaidh cléireach na cúirte sa ghnáthphost, cóip den ordú do gach duine a ndearnadh an t-ordú ina bhfabhar nó ina leith.
Amanna, cruthaíonn iarratais ar choimeád agus ar rochtain cuid d’imeachtaí eile, mar shampla, idirscaradh nó colscaradh breithiúnach sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt. Sna cásanna siúd, is í an chúirt a dhéileálann leis na himeachtaí eile an chúirt chuí chun déileáil le hiarratas ar choimeád agus/nó ar rochtain. Áirítear leis seo iarratais chun orduithe coimeádta agus/nó rochtana roimhe seo a dhíscaoileadh.
Foirmeacha cúirte
An Chúirt Dúiche: I.R. Uimh.125 de 1999: Rialacha na Cúirte Dúiche (Coimeád agus caomhnóireacht naíon),1999
- Foirm 58.17: Fógra iarratais chun iarratas a dhéanamh faoi choimeád, rochtana, cothabháile - alt 11(1) agus 11(4)
An Chúirt Chuarda: I.R. Uimh. 358 de 2008: Rialacha na Cúirte Cuarda (Dul chun cinn cáis)
- Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht gluaiseachta cáis
- Foirm 37N: Ceistneoir um ghluaiseacht cháis
An Ard-Chúirt: I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna - Ordú 70